← Bhí fear ag teacht ó bhí ag cuartaíocht oíche Samhna. 🔊
← An oíche seo bhí sé ag teacht abhaile agus bhí a mháthair ina codladh roimhe. 🔊
← Bhí sé ag ithe a shuipéir taobh amuigh den doras, mar bhí an ghealach lán agus níor las sé aon lampa. 🔊
← Nuair a bhí a shuipéar gar do bheidh ite aige, chuaigh fear thar an doras agus é ag rith. 🔊
← Bhí an fear seo go maith ag bualadh báire agus chuaigh sé leis an bhfear sí. 🔊
← An chéad buille a thug sé, chuir sé amach é agus bhí an báire le slua Chonnachta ansin. 🔊
← Chuir a mháthair céad mile fáilte roimhe, mar bhí sí ag ceapadh nach bhfeicfeadh sí go deo arís é. 🔊